Coláiste na Tríonóide: Scoil na nEolaíochtaí Teangeolaíochta, Urlabhra Agus Cumarsáide
Taighde sa tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra, Coláiste na Tríonóide Taighdeoirí: Ailbhe Ní Chasaide, Neasa Ní Chiaráin
Ábhar an Toilithe
Iarrtar orm abairtí a thaifeadadh i gcomhair taighde atá idir lámha ag na hOllúna Ailbhe Ní Chasaide agus Neasa Ní Chiaráin. Is ar bhonn deonach a ghlacaim páirt sa taighde seo. Fiú má thugaim cead do na taighdeoirí mo ghlór a thaifeadadh anois, is féidir liom achomhairle a dhéanamh ar an gcinneadh sin aon uair gan tionchar ar bith ormsa.
Cuirfidh na taifeadtaí seo le forbairt an tionscadail taighde ABAIR, a bhaineann le taifeadtaí urlabhra a bhailiú de chanúintí éagsúla na Gaeilge. Baintear úsáid as na taifeadtaí sin leis na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- anailís a dhéanamh ar struchtúr na Gaeilge
- teicneolaíocht na hurlabhra a fhorbairt don Ghaeilge, .i.
- aithint cainte a fhorbairt
- samhaltú sintéise a thraenáil
Cé go ligfidh na taifeadtaí do na taighdeoirí an teicneolaíocht seo a fhorbairt, ní bheidh na taifeadtaí seo ar fáil don phobal taobh amuigh den tionscadal.
Coinneofar na sonraí a bhailítear uaim sa taighde seo faoi rún, agus ní bheidh fáil ag éinne ar na sonraí sin seachas na taighdeoirí atá páirteach sa tionscadal. Coinneofar na taifeadtaí ar fhreastalaí a bhfuil pasfhocal air sa tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra i gColáiste na Tríonóide. Beidh na taighdeoirí ag súil le taighde a fhoilsiú bunaithe ar na taifeadtaí sin amach anseo, agus úsáid a bhaint as na taifeadtaí i dtioscadail eile de chuid ABAIR amach anseo.
Is féidir liom iarraidh ar na taighdeoirí cóip de na taifeadtaí a chur ar fáil dom. Más mian liom aon chuid den taifeadadh a scriosadh, déanfar é a scriosadh.
Má tá ceist ar bith agam faoin taighde is féidir liom í a chur ar Ailbhe Ní Chasaide nó Neasa Ní Chiaráin ag na seoltaí seo a leanas: anichsid[at]tcd.ie (Ailbhe) nó nichiarn[at]tcd.ie (Neasa).
Tuigim céard ata i gceist leis an taighde seo agus tugaim cead do na taighdeoirí taifeadadh a dhéanamh ar mo ghlór.