ABAIR ag FÍS 2026/ ABAIR at FÍS2026
Bhí seastán ag ABAIR ag FÍS2026, an chomhdháil Ghaeilge is mó riamh a reáchtáladh do dhaoine óga. Thug an fhoireann cuireadh do mhic léinn tríú leibhéal agus do dhaltaí meánscoile teacht chuig an seastán chun foghlaim faoin teicneolaíocht urlabhra agus teanga don Ghaeilge.
ABAIR had a stand at FÍS2026, described as the largest Irish-language conference ever held for young people. The team invited third-level and secondary school students to the stand to learn about speech and language technology for Irish.




