
Cuir i Láthair Geabaire ag Imeacht AAC Awareness Ireland
Ar an 28 Deireadh Fómhair 2026, ghlac Julie Mhic an Iomaire páirt in imeacht AAC Awareness Ireland, How to Live audAACiously, a tionóladh i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.
Bhí eochairaitheasc ann ón Dr Beth Moulam, abhcóide, údar agus cainteoir AAC, mar chuid den imeacht, chomh maith le cainteanna tintreacha ar thaighde AAC in Éirinn agus plé ar threoracha don todhchaí i leith feasachta AAC in Éirinn.
Chuir Julie Geabaire i láthair, an córas cumarsáide méadaithí agus malartaí (AAC) trí Ghaeilge a seoladh le déanaí agus a d’fhorbair an grúpa taighde ABAIR i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Labhair sí faoin tábhacht a bhaineann le cumas a thabhairt do dhaoine a úsáideann AAC cumarsáid a dhéanamh trí Ghaeilge, ag tacú le rochtain chothrom ar theanga, ar oideachas, ar fhéiniúlacht chultúrtha agus ar rannpháirtíocht i bpobail Ghaeilge.
Bhí an t-imeacht ina dheis luachmhar do Julie obair Geabaire a roinnt, dul i dteagmháil le daoine eile atá páirteach i dtaighde agus in abhcóideacht AAC, agus cur le comhráite níos leithne ar rochtain ar chumarsáid agus ar chuimsiú in Éirinn.
On 28 October 2026, Julie Mhic an Iomaire took part in the AAC Awareness Ireland event, How to Live audAACiously, held at Trinity College Dublin. The event featured a keynote address from Dr Beth Moulam, an AAC advocate, author and speaker, alongside lightning talks on Irish AAC research and discussions about future directions for AAC awareness in Ireland.
Julie presented Geabaire, the newly launched Irish-language augmentative and alternative communication (AAC) system developed by the ABAIR research group at Trinity College Dublin. She spoke about the importance of enabling people who use AAC to communicate through Irish, supporting equal access to language, education, cultural identity and participation in Irish-speaking communities.
The event offered a valuable opportunity for Julie to share the work behind Geabaire, connect with others involved in AAC research and advocacy, and contribute to wider conversations about communication access and inclusion in Ireland.




