Skip to main content
ABAIR Logo

Guthanna agus uirlisí nua ag Oireachtas na Samhna/ New voices and tools at Oireachtas na Samhna

Chaith ABAIR trí lá ar stáitse an Oireachtais agus bhí stainnín acu ag an aonach. Bhí seoladh nua ann gach lá:

• Déardaoin: réamhamharc ar Fotheidil, uirlis nua fotheideal don Ghaeilge.

• Dé hAoine: réamhamharc ar Míle Glór na nÓg, suíomh ar líne chun glórtha leanaí a thaifead, agus ar Líonra NEARTÚ, líonra tacaíochta d'uirlisí inrochtaineachta ABAIR.

• Dé Sathairn: dhá ghlór shintéiseacha nua, glór Déiseach (Port Láirge) agus glór fireann Ultach, ar fáil don chéad uair.

Ar an Déardaoin, thug an tUachtarán tofa Catherine Connolly cuairt ar an seastán, agus thaispeáin an fhoireann cuid dá teicneolaíocht di. Gabhann ABAIR buíochas léi as an spéis a léirigh sí i dtaighde ABAIR.

Ar na haíonna ar an stáitse bhí Mícheál Mac Donnacha ó COGG, Dónall Ó Cnáimhsí ó MPT Iarthuaiscirt agus Fianait Nic Mhurchú. Gabhann an fhoireann buíochas le gach duine a thug cuairt orthu agus leo siúd a léirigh suim comhobriú le ABAIR ar acmhainní oideachais agus inrochtaineachta do phobal na Gaeilge.

ABAIR spent three days on the Oireachtas stage and ran a stand at the fair. Each day brought a new launch:

Thursday: a preview of Fotheidil, a new subtitling tool for Irish.

Friday: previews of Míle Glór na nÓg, an online site for recording children's voices, and Líonra NEARTÚ, a support network for ABAIR's accessibility tools.

Saturday: two new synthetic voices, a Déise (Waterford) voice and a male Ulster voice, available for the first time.

On the Thursday, President-elect Catherine Connolly visited the stand, and the team showed her some of its technology. ABAIR thanks her for her interest in its research.

Guests on the stage included Mícheál Mac Donnacha of COGG, Dónall Ó Cnáimhsí of MPT Iarthuaiscirt and Fianait Nic Mhurchú. The team thanks everyone who visited and those who offered to work with ABAIR on education and accessibility resources for the Irish-language community.

DCHG
S20
Crannchur Náisiúnta
COGG
Trinity College Dublin