
€2 milliún d'ABAIR/ €2 million for ABAIR
D'fhógair Dara Calleary TD, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta, breis agus €2 milliún i maoiniú d'ABAIR thar thréimhse cúig bliana. D'fhógair sé an fógra ag ócáid sa tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.
Labhair an tOllamh Joseph Roche agus Áine Ní Shúilleabháin, Oifigeach na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, ag an ócáid freisin. Gabhann ABAIR buíochas leis an Aire agus leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta as a gcuid tacaíochta.
Dara Calleary TD, Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht, announced over €2 million in funding for ABAIR over five years. He made the announcement at an event in the Phonetics and Speech Laboratory at Trinity College Dublin.
Prof Joseph Roche and Áine Ní Shúilleabháin, Trinity's Irish Language Officer, also spoke at the event. ABAIR thanks the Minister and the Department of Rural and Community Development and the Gaeltacht for their support.




