
Spéis Mhór i nGuthanna agus i dTeicneolaíochtaí Nua ABAIR ag Oireachtas na Samhna 2026/Huge Interest in New ABAIR Voices and Technologies at Oireachtas na Samhna 2026
Bhí rath mór ag foireann ABAIR ag Oireachtas na Samhna 2026, i gCill Áirne, Co. Chiarraí.
Bhí seastán ag ABAIR i rith na seachtaine, áit gurb fhéidir le daoine teacht chun tuilleadh eolas a fháil ar na teicneolaíochtaí atá ar fáil ag ABAIR, bualadh lenár baill foirne, agus trial a bhaint as na teicneolaíochtaí freisin.Bhí an deis againn cur i láthair a dhéanamh gach lá ar Ardán an Oireachtais freisin. Rinne Julie Mhic an Iomaire cur i láthair ar an ngléas nua, Geabaire, chomh maith le béim ginearálta ar míchumas ar an Déardaoin. Dé hAoine, bhí taispéantas beo ar na gléasanna ASR/Aithint Cainte atá againn, agus seoladh ár Sruthú Beo don chéad uair, a bhí ag obair sa chúlra fad is a bhí na hóráidí ar siúl. Chomh maith le sin, bhí an gléas Fotheidil agus Deachtú curtha in iúl don phobal. Dé Sathairn, bhí béim ar na guthanna sintéiseacha nua atá ar fáil ar ár suíomh anois:
Guth Maigh Eó: Bríd
Guth Fireann na nDéise: Lorcán
Guth páiste Thír Chonaill: Ella.
Gabhaimid buíochas ollmhór as éinne a tháinig chun na taispeántais, a thug cuairt ar ár seastán, agus a scaip an dea-nuacht maidir leis an obair atá ar siúl againn in ABAIR.
The ABAIR team had great success at Oireachtas na Samhna 2026 in Killarney, Co. Kerry.
ABAIR had a stand throughout the week, where people could come to find out more about the technologies available from ABAIR, meet our team members, and try out the technologies for themselves. We also had the opportunity to give a presentation every day on the Oireachtas Stage. On Thursday, Julie Mhic an Iomaire presented the new device, Geabaire, along with a general focus on disability. On Friday, there was a live demonstration of our ASR/speech recognition tools, and our Live Streaming was launched for the first time, running in the background while the speeches were taking place. In addition, the Fotheidil (subtitling) and Dictation tool was introduced to the public. On Saturday, the focus was on the new synthetic voices now available on our website:
Guth Maigh Eó: Bríd
Guth Fireann na nDéise: Lorcán
Guth páiste Thír Chonaill: Ella.
A huge thank you to everyone who came to the demonstrations, visited our stand, and spread the good news about the work we are doing in ABAIR.




