Sa lá atá inniubh ann, tá trí mhórchanúint na Gaeilge ann: Gaeilge Uladh, Gaeilge Chonnacht agus Gaeilge na Mumhan. Cé go bhfuil bunstruchtúr na gramadaí mar an gcéanna a bheag nó a mhór tá difríochtaí eatarthu a thabharfaí faoi deara. Is í an difríocht is suntasaí ná an fhoghraíocht. Bheadh a fhios ag duine ar an bpointe boise cén chanúint atá i gceist ach a dtosaíonn cainteoir dúchais ag labhairt. Níl a leithéid is "caighdeán labhartha", nó received pronunciation, ann sa nGaeilge - cé go bhfuil caighdeán scríofa ann.
Mar sin, má bhítear i mbun sintéiseoir Gaeilge a dhéanamh caithfear glór le haghaidh chuile (mhór)chanúint a thóigeáil. Go dtí seo, tá trí ghlór againn: Gaoth Dobhair (Gaeilge Uladh), Ráth Chairn (Gaeilge Chonnacht) agus Corca Dhuibhne (Gaeilge na Mumhan).
Tá sé i gceist againn níos mó glórthaí a chur ar fáil, go háirithe glórthaí a bhaineann le fo-chanúintí éagsúla (m. sh. Gaeilge Mhaigh Eo nó Gaeilge na Rinne i bPort Láirge). Cuireann muid fáilte roimh chainteoirí dúchais na gcanúintí thuasluaite nó fochanúna ar bith eile dul i dteagmháil linn.
Foinse: Wikipedia