Áiseanna
Úsáidtear ábhar na croí-theicneolaíochta sna háiseanna atá forbartha ar son an phobail.
Pobal
Uirlisí do chách
Oideachas
Ardáin fhoghlama idirghníomhacha
Rochtain
Áiseanna dóibh siúd atá faoi mhíchumas
Fúinn
Tá tionscnamh ABAIR lonnaithe sa tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra i Scoil na nEolaíochtaí Teangeolaíochta, Urlabhra agus Cumarsáide i gColáiste na Tríonóide. Tá sé maoinithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta.
Tugann ABAIR faoi fhorbairt teicneolaíochtaí AI do lucht labhartha na Gaeilge, i gcanúintí dúchasacha na Gaeilge. Cruthaítear uirlisí bunaithe ar na teicneolaíochtaí seo a chuireann áiseanna urlabhra agus teangan ar fáil do phobal na Gaeilge, don oideachas agus dóibh siúd atá faoi mhíchumas.

Tá Geabaire anois le fáil ar iPad agus ar Android
Is féidir Geabaire, an chéad chóras AAC deartha go sonrach don Ghaeilge, a íoslódáil gan chostas ón App Store agus Google Play. Is féidir úsáid a bhaint as ar bhrabhsálaí gréasáin chomh maith.









