
Meall an Óige
Ardán foghlama do pháistí réamh- agus buncoile. Ar oileán draochta Árainn, cuireann muid aithne ar na carachtair a chónaíonn ann. Trí scéalta, amhráin agus cluichí idirghíomhacha le guthanna dúchasacha daona agus sintéiseacha léiritear fuaimeanna, fónaic agus bunús na litearthachta don Ghaeilge.
Deartha don clár bán sa seomra ranga, agus do thaibléid nó ríomhaire sa bhaile, tá sé i gceist gur féidir le tuismitheoirí cuidiú lena bpáistí sa bhaile – fiú tuismitheoir ar bheagán Gaeilge. Sa leagan faoi láthair tá 5 chéim, Tá sé i gceist go gcuirfear céimeanna eile ar fáil de réir a chéile. Seolfar leagan do thastáil i mbunscoileanna i 2026.
Cuntas ar chóras fuaimeanna na Gaeilge
Braitheann sealbhú na litearthachta ar chom soiléir agus chomh rialta is atá an ceangal idir fuaimeanna na teanga agus na litereacha lena scríobhtar iad. I gcás na Gaeilge, cé go bhfuil sé doiléar, tá sé rialta. Chun tuiscint don chóras scríofa a fháil, is gá na fuaimeanna agus idirdhealú na gconsan a shealbhú.
Córas Fuaime
Tá córas fuaime saibhir sa Ghaeilge ina ndéantar idirdhealú idir consain caola agus consain leathna.
Mar sampla tá consan caol ag tús an fhocail leon agus consan leathan ag tús an fhocail lón . Tá an córas seo an difriúil ón Bhéarla.
Córas Scírofa
Tá córas scríofa na Gaeilge an difriúil ón Bhéarla fosta.
Níl bealach san aibítear Rómánach le difríocht na gconsan caola/leathan a léiriú, agus baintear úsáid as bealach indíreach, tré rogha na ngutaí a cheadaítear roimh nó indiaidh an chonsain.
Struchtúr an Ardáin
Sa leagan faoi láthair tá 5 chéim, Tá sé i gceist go gcuirfear céimeanna eile ar fáil de réir a chéile. Seolfar leagan do thastáil i mbunscoileanna i 2026.
Céim 1: Fuaimeanna
Chun fuaimeanna na Gaeilge agus idirdhealú na gconsan caola agus leathna a léiriú baintear úsáid as íosphéirí, i.e., péirí focal mar leon & lón – ina bhfuil an difríocht eatarthú ag brath ar an chonsan amháin, an l caol nó an l leathan i dtús an fhocail.
Léirítear na híosphéirí tré phictiúír, m.sh leon agus lón. Ag an phointe seo, ní bhaintear úsáid as litreacha. Baintear úsáid as amhráin, scéalta agus quizanna chun fuaimniú agus idirdhealú na gconsan a chothú. Leis na módhanna céanna, dírítear áird na bpáistí ar ar idirdhealú na ngutaí fada agus gairide, idir caol agus leathan.







Céim 2: Ón Fhuaim go Litir
Uair amháin atá idirdhealú na gconsan caola & leathna ag chluais na bpáistí, léiritear an litir a ghabhann le fuaim ar leith, consan agus guta. Ag an phointe seo, déantar nasc idir na pictiúir agus 2 sraith litreacha lena dtosnaíonn siad: sraith caol de dath oráiste. m.sh. l, b, c, nascaithe leis na pictiúir/focail leon, beo, Ciara) agus sraith de litreacha gorma ( m.sh. l, b, c, nascaithe leis na pictiúir/focail lón, bó, caora). Mar an gcéanna leis na gutaí caola agus leathna.
Baintear úsáid as sraith de chluichí idirghníomhacha chun an nasc idir fuaim → litir a chothú.
Céim 3: Foclóir
Tré sraith de phictiúir le haschur labhartha cothaítear stór focal ar bhealach idirghníomhaíocht, Iarrtar ar an dalta rud sa phictiúir a aimsiú agus a mhéar a chur air.
Sealbhú gramadaí maraon le focail: an alt in úsáid leis an fhocal chun go bhfuil inscine & séimhi á bhfoghlaim ón tús.




Céim 4: Leabhair
Leabharlann fíoriuil atá I gceist. Is féidir na leabhair a léamh amach le guth sintéiseach (rogha canúna agus smacht ar luas na cainte).
Tagann aibhsiú ar na habairtí, ceann ar ceann. Is féidir do mhéar a chur ar fhocal amháin chun éisteacht leis.
Céim 5: Scríobh
Mar a chuirtear consain agus gutaí le chéile, Baintear úsáid as cluichí chun bunrialacha na fónaice a chleachtadh, ina n-iarrtar ar an dalta focail a chumadh as an nua – ainmneacha d’ollphéisteanna, do pheataí






