Léitheoir Gréasáin
Déanann an Léitheoir Gréasáin an téacs ar aon leathanach gréasáin a léamh os ard le guthanna nádúrtha Gaeilge. Déantar gach líne agus gach focal a aibhsiú de réir mar a léitear iad, sa dóigh is gur féidir leat an téacs a leanúint. Rinneadh an áis seo a fhorbairt dóibh siúd ar fearr leo an éisteacht ná an léitheoireacht: saor in aisce, oscailte don phobal i gcoitinne, agus forbartha ag togra neamhbhrabúis.
Cuir an Léitheoir Gréasáin le do bhrabhsálaí
Breiseán brabhsálaí do Chrome, Edge, Brave, Opera agus Firefox. Tá sé réidh le dhul chomh luath is atá sé suiteáile agat: barra uirlisí beag ar foluain ar féidir leat a tharraingt aon áit ar an leathanach. Níl le déanamh agat ach an cnaipe seanma a bhrú agus éisteacht. Níl gá le cuntas a chrúthú agus ní dhéantar rianú ar do chuid úsáide.
An dóigh le é a úsáid
Uair amháin atá an breiseán suiteáilte agat, beidh an barra uirlisí ar foluain ar gach leathanach ar a mbeidh tú. Seo mar a oibríonn sé.
Léigh an leathanach iomlán
Brúigh ar Seinn ar an bharra uirlisí agus déanfaidh an Léitheoir Gréasáin an leathanach iomlán, ón tús, a léamh, ag déanamh aibhsithe ar gach abairt agus gach focal de réir mar a léitear iad.
Léigh an mhéid atá roghnaithe agat
Déan abairt faoi leith a roghnú trí bhrú air agus an luch a tharraingt ar a mhullach. Beidh cnaipe Léigh le feiceáil ansin os a chionn, agus níl le déanamh ach sin a bhrú chun é a léamh.
Tá an tionscadal ABAIR lonnaithe i gColáiste na Tríonóide. Forbraíonn an fhoireann guthanna sintéiseacha don Ghaeilge. Tá siad ar fáil saor in aisce.
Cuardach focal ar Teanglann
Fad is atá an Léitheoir Gréasáin ar obair is féidir cuardach san fhoclóir údarasach Gaeilge, Teanglann, a dhéanamh trí chliceáil ar aon fhocal faoi dhó. Beidh míniú an fhocail agus a ghramadach le feiceáil gan leathanach úr a fhoscailt nó d'áit sa téacs a chailleadh.
Dictionary content is from Teanglann.ie, developed and operated by Foras na Gaeilge. Web Reader opens their entries directly and stores no dictionary content of its own.
Chuir an ceoltóir draíocht ar an slua le gach nóta a sheinn sé.

Ag suiteáil an Léitheora Gréasáin do shuíomh gréasáin
Web Reader can be embedded in any website with a single script tag. The script is served from our CDN at webreader.abair.ie, giving every visitor the same floating controls and Irish read-along. The script can also be downloaded from the CDN and pasted directly into your application. It is provided free of charge.
Accessibility and privacy
Web Reader is built to WCAG 2.1 AA: keyboard accessible, ARIA-labelled, with colour-blind-friendly highlight presets and an Irish interface alongside English. No account, cookie, or tracking of any kind. The text being read is sent to ABAIR only to generate the audio.




