Tá tionscadal ABAIR.ie i gColáiste na Tríonóide ag cur Teicneolaíochtaí Urlabhra agus Teanga ar fáil don Ghaeilge. Tá rochtain do chách mar bhun-aidhm ag ABAIR agus forbairtí á ndéanamh ar áiseanna rochtana agus oideachais. Is léir go bhfuil éileamh air seo ó na fiosrúcháin rialta a thagann isteach cheana féin. Sa Phlean Digiteach don Ghaeilge, tá béim ar an ngá atá le taighde agus le forbairtí teicneolaíochta a chinnteoidh rochtain ar an teanga dóibh siúd le míchumas. Moltar líonraí abhcóideachta a bhunú a thacóidh leis an bhforbairt ar áiseanna rochtana. Le déanaí dhaingnigh Rialtas na hÉireann an Coinbhinsiún maidir le Cearta Daoine atá faoi Mhíchumas. Mar fhreagra ar an riachtanas seo, díreoidh líonra NEARTÚ:
Ag an ócáid seo roinnfear eolas faoi na háiseanna atá á bhforbairt ag ABAIR i réimse na rochtana, go háirithe
AIs gá go mbeidh na teicneolaíochtaí urlabhra agus teanga seo ar fáil ar réimse leathan ardán, saorearraí agus gléasanna eile. Tá sé mar aidhm againn go spreagfaidh líonra NEARTÚ rannpháirtíocht ghníomhach trí Ghaeilge do chách.
Léarscáil: Seomra TRiSS (Trinity Research in Social Sciences), C6.002 ar an 6ú urlár i bhFoirgneamh na nEalaíon, Coláiste na Tríonóide
Tá mé sásta go gcuirfí ar liosta teagmhála de chuid an tionscadail ABAIR.ie mé