Téigh díreach chuig an bpríomhábhar
Lógó ABAIR

Buíochas

D'fhorbair Johanna Salisbury-Ferguson, Teiripeoir Urlabhra agus Teanga, formhór den treoir agus na ábhair eolais ar an suíomh gréasáin seo, ag comhoibriú le fhoireann Geabaire.

Ba mhian linn ár mbuíochas a ghabháil le Saoirse Tilton as an gcabhair agus as an tacaíocht le linn forbartha Geabaire.

Gabhaimid ár buíochas leis na muinteoirí, teiripeoirí urlabhra agus teanga, tuismitheoirí, agus úsáideoirí AAC a bhí mar chuid de mheastóireacht Geabaire. Chuir a n-aiseolas, a dtaithí, agus a léargas le forbairt an chórais go mór.

Cé atá páirteach

Tá Geabaire tógtha ag ABAIR, an tionscnamh teicneolaíochta urlabhra Gaeilge i Saotharlann na Foghraíochta agus Urlabhra i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Tagann na guthanna, agus cuid mhór den taighde taobh thiar den tionscnamh seo ón obair sin. Tá gach duine i bpríomhfhoireann ABAIR tar éis cuidiú le Geabaire, go díreach nó go hindíreach.

Tagann na daoine thíos chuig Geabaire ó chláir ríomhaireachta, ó theiripe urlabhra agus teanga, ó leánn na n-aistriúcháin, ón thaobh an oideachais de, agus ó thaobh an theangeolaíocht de. Cuireann go leor acu leis an tionscnamh seo in éineacht lena gcuid staidéar agus obair eile.

Maoiniú agus Tacaíocht

An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG)
Trinity College DublinAn Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta

Ó thús saol an tionscadail seo, thug an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) tacaíocht do Geabaire. Tá tionscadal ABAIR i gColáiste na Tríonóide mar bhonn agus thaca ag Geabaire.

Tabhairt cuairt ar cogg.ie

Tá saineolas agus infreastruchtúr fhoireann ABAIR, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, mar bhunús ag Geabaire.

Tá an mórthionscadal ABAIR maoinithe ag An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.

Polasaithe agus Reachtaíocht

Tacaíonn Geabaire le tiomantais náisiúnta i leith teicneolaíocht na Gaeilge, seirbhísí poiblí dátheangacha agus seirbhísí digiteacha inrochtana. I measc na gcreat ábhartha tá:

Siombail agus íomhanna

Úsáideann Geabaire siombailí picteagracha agus íomhánna ó roinnt foinsí atá ceadúnaithe go hoscailte.

ARASAAC

Úsáideadh íomhánna de chuid Sergio Palao do Geabaire. Dearadh na híomhánna ar son ARASAAC, agus is le Rialtas Aragón (An Spáinn) na híomhánna seo. Cuireadh ar fáil iad de bharr ceadúnais Creative Commons BY-NC-SA.

Íomhánna Mulberry

Baineann Geabaire úsáid as íomhánna Mulberry freisin. Dearadh na híomhánna ag Garry Paxton i dtosach, agus de bharr chúrsaí cóipchirt, is le Steve Lee na híomhánna. Tá Íomhánna Mulberry faoi chóipcheart © 2018–2026 Steve Lee agus faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-ShareAlike 2.0 UK: England & Wales Licence (CC BY-SA 2.0 UK).

AAC Photo Library

Photographs of people using AAC on these pages come from the AAC Photo Library, an openly licensed collection published by OpenAAC. Each photograph names its photographer and licence where it appears.

Oiriúniú íomhánna

Cuireadh cúpla íomhá agus lipéad in oiriúint chun freastal ar chóras AAC lán-Ghaeilge. Cruthaíodh lipéid sa bhreis freisin. Tugadh faoi na hathruithe seo de réir rialacha na gceadúnas.

Foinsí eile

Cuireadh dornán íomhánna d'fhoinsí eile, atá mar chuid de cheadúnais phoiblí agus Creatives Commons, le Geabaire. Úsáideadh agus luadh na híomhánna seo de réir rialacha a gceadúnais.

DCHG
S20
Crannchur Náisiúnta
COGG
Trinity College Dublin