Téigh díreach chuig an bpríomhábhar
Lógó ABAIR

Ceisteanna coitianta

Faoi Geabaire

Cá bhfuil rochtain agam ar Geabaire?

Ritheann Geabaire i mbrabhsálaí gréasáin, agus tá aipeanna móibíleacha ar an mbealach. Oibríonn an leagan gréasáin ar tháibléad, ar ríomhaire glúine nó ar dheasc, agus ní theastaíonn suiteáil ar bith.

Cé acu ar féidir leo Geabaire a úsáid?

Is féidir le haon duine úsáid a bhaint as Geabaire. Baineann páistí atá ar bheagán cainte as córas AAC de bharr riochtaí cosúil le huathachas nó le pairilis cheirbreach. Bíonn tacaíonn breise ag teastáil ó pháistí, ag brath ar an riocht atá orthu. Is féidir le páistí néaraitipiciúla, a bhfuil cumas maith cainte acu, úsáid a bhaint as Geabaire chun an Ghaeilge a fhoghlaim.

An do pháistí atá faoi léann lán-Ghaeilge amháin é Geabaire?

Ní hea! Tá fáile roimh aon duine úsáid a bhaint as Geabaire. Baineann páistí atá mar chuid de phobal agus de theaghlagh Gaelach sochar as córas cumarsáide agus iad i measc Gael eile. Tá sé tábhachtach go mbíonn rochtain leanúnach ag páiste ar an gcóras: ar scoil, sa bhaile agus i measc an phobail.

An gá d'úsáideoir taithí ar an nGaeilge a bheith acu chun Geabaire a úsáid?

Ní gá d'úsáideoirí taithí ar an nGaeilge chun Geabaire a úsáid. Bíonn tacaíocht ag teastáil ó pháistí atá faoi mhíchumas cumarsáide chun cumarsáide a fhoghlaim. Tacaíonn gléas AAC, i dteanga ar bith, le páiste chun téigh i mbun cumarsáide. Foghlaimíonn na páistí teanga, focail, gramadach, agus an chaoi chun téigh i mbun cumarsáide.

Cén fáth go bhfuil rochtain ar Ghaeilge tríd AAC chomh tábhachtach?

Ba cheart go mbeadh an deis chéanna ag daoine a úsáideann AAC is atá ag daoine eile chun cumarsáid a dhéanamh, foghlaim, páirt a ghlacadh agus caidrimh a thógáil trí Ghaeilge, cibé áit a bhfuil an Ghaeilge mar chuid dá saol.

Cén fáth nach bhféadfaí córas AAC atá ann cheana i mBéarla a aistriú go simplí?

Chun córas AAC Gaeilge a chruthú, bhí i bhfad níos mó i gceist ná córas Béarla atá ann cheana a aistriú. Tá a hord focal briathar-tosaigh féin, a deilbhíocht, a séimhithe agus a hurú tosaigh, a nathanna cainte agus a héagsúlacht chanúna féin ag an nGaeilge. Dá bhrí sin, dearadh Geabaire timpeall ar struchtúr agus úsáid na Gaeilge ón tús.

An féidir na híomhánna a chur mar chuid den bhosca focal?

Is féidir cinnte. Is féidir leat an ghné seo a chur i bhfeidhm faoi socruithe an chláir.

Cé na cláir, canúintí agus guthanna atá ar fáil?

Tá ceithre leagan de Geabaire ann: An Clár Neodrach, an príomhchlár, agus cláir do chanúintí Chonnacht, na Mumhan agus Uladh. Tá guthanna ar fáil do na trí chanúint, agus is féidir aon cheann acu a phéireáil le An Clár Neodrach. Tá socruithe an chláir, na canúna agus an ghutha le fáil faoi Shocruithe an Chláir.

An bhfuil an aip oiriúnach do dhaoine fásta?

Tá, is féidir le daoine fásta a úsáideann AAC úsáid a bhaint as Geabaire.

An gcaithfidh Geabaire a bheith nasctha leis an idirlíon?

Tá. Faoi láthair, teastaíonn ceangal idirlín ó Geabaire lena úsáid. Tá feidhmiúlacht as líne beartaithe do leagan sa todhchaí.

An féidir eagarthóireacht phearsanta a dhéanamh ar an bhfoclóireacht?

Is féidir. Is é Fúmsa an réimse pearsantaithe atá ag Geabaire, agus cruthaíonn cnaipe eagarthóireachta ar gach príomhchlár clár pearsanta nasctha don ábhar sin. Ní féidir na príomhchláir féin a athrú, rud a choinníonn na cosáin loingseoireachta agus mhótair comhsheasmhach.

An féidir le scoil nó teaghlach teagmháil a dhéanamh leis an bhfoireann chun spéis tástála nó fadhb theicniúil a chur in iúl?

Is féidir teagmháil a dhéanamh linn faoi leathanach teagmhála ABAIR maidir le spéis tástála, fadhbanna teicniúla, aiseolas, agus moladh foclóireachta agus gnéithe.

Téigh i dteagmáil linn

Faoi AAC

Céard é AAC?

Is cumarsáid bhreisitheach agus mhalartach (nó augmentative and alternative communication sa Bhéarla) atá i gceist le AAC.. Clúdaíonn sé rud ar bith a úsáideann duine chun cumarsáid a dhéanamh in éineacht le, nó in ionad, urlabhra: gothaí, cártaí pictiúr, clár clóite, nó aip a labhraíonn thar a gceann, ar nós Geabaire. Comhcheanglaíonn formhór úsáideoirí AAC roinnt de na cinn seo.

Tuilleadh eolais faoi AAC

An gcuireann úsáid AAC bac ar fhorbairt urlabhra?

Ní chuirtear isteach ná amach ar fhobairt urlabhra an páiste. Léiríonn neart taighde nach bhfuil ciall leis an scéal seo. Léirigh dhá thogra gur chuir úsáid AAC le cumas urlabhra ó bhéal de roinnt mhaith de na húsáideoirí (Millar, Light and Schlosser 2006; Schlosser and Wendt 2008). Cuireann Schlosser agus Wendt muid ar an eolas gan a bheith ag súil le feabhas suntasach maidir le cumas urlabhra úsáideora agus iad ag úsáid AAC; níor léirigh taighde s'acu agus méadú beag feabhais.

Níl bun ná barr leis an scéal seo. In ainneoin go soláthraítear ábhar do theachtaireacht go sciobtha leis tuarthéacs ar ghléas sártheicneolaíochta, is sciobtha í an inchinn agus urlabhra ó bhéal. Is mian le páistí cumarsáid éifeachtach a dhéanamh mar aon neach eile. Do roinnt pháistí, is é córas AAC an modh cumarsáide is éifeachtaí; do roinnte eile, is í urlabhra ó bhéal an modh cumarsáide is éifeachtaí; agus do roinnt eile, is é meascán den dá rud an modh cumarsáide is éifeachtaí.

An gcuirfidh sé isteach ar mo pháiste an Béarla agus an Ghaeilge a labhairt araon?

Tá seanchreideamh coitianta ann nach féidir le páistí a bhfuil dúshláin chumarsáide acu a bheith dátheangach, nó go mbeidh rudaí níos deacra dóibh má bhíonn níos mó ná teanga amháin acu. Níl sé sin fíor. Cé go mbeidh dúshláin fós ag páiste a bhfuil dúshláin chumarsáide acu lena dara teanga, agus go bhféadfadh siad a scileanna teanga a fhorbairt níos moille ná a phiaraí, tá siad in ann éirí ina dhátheangach inniúil. Tá tuilleadh eolais faoi dhátheangachas agus AAC ar an leathanach "Ag Úsáid AAC".

An dteastaíonn AAC ó mo pháiste má tá roinnt urlabhra aige/aici?

Úsáideann go leor úsáideoirí rathúla AAC roinnt urlabhra freisin. Is uirlis é AAC chun cumarsáid a fhorlíonadh; seasann an chéad A in AAC do "augmentative", rud a chiallaíonn forlíontach. Ba cheart AAC a úsáid mar chuid de chur chuige cumarsáide iomláine, ina spreagann agus ina n-aithníonn na comhpháirtithe comhrá cumarsáid i bhfoirm ar bith. Tá urlabhra, gothaí, pointeáil ar phictiúir agus úsáid gléas AAC ar fad ina bhfoirmeacha inghlactha cumarsáide.

Is féidir le AAC a bheith ina uirlis an-chabhrach freisin chun cliseadh cumarsáide a chur ina cheart nuair nach dtuigeann comhpháirtithe cumarsáide teachtaireacht pháiste. Is féidir le cliseadh cumarsáide a leanann ar aghaidh gan é a chur ina cheart a bheith an-lagmhisniúil, agus is féidir le AAC a bheith ina uirlis an-éifeachtach chun an lagmhisneach seo a laghdú. D'fhéadfadh do pháiste tairbhe a bhaint as rochtain ar AAC ardteicneolaíochta má bhíonn deacracht acu urlabhra a tháirgeadh atá éasca a thuiscint d'éisteoirí nach bhfuil eolach orthu.

Conas is féidir liom mo pháistí eile a choinneáil ó bheith ag úsáid an AAC?

Is é an freagra simplí ná: má tá siad á úsáid chun cumarsáid a dhéanamh, níl ort iad a choinneáil ó bheith ag úsáid an AAC. Is féidir go cinnte le deartháireacha nó deirfiúracha gléas an úsáideora AAC a úsáid chun múnlú a dhéanamh dóibh. Má thosaíonn an deartháir nó an deirfiúr ag monaplú an ghléis, nó á thógáil as raon an úsáideora AAC, seans go mbeidh ort é a phlé le do pháiste ar an mbealach a phléann tú rudaí mar chomhroinnt idir deartháireacha nó deirfiúracha de ghnáth.

Tagairtí do na freagraí seo
DCHG
S20
Crannchur Náisiúnta
COGG
Trinity College Dublin