Téigh díreach chuig an bpríomhábhar
Lógó ABAIR

Múinteoirí agus cúntóirí riactanas speisialta (CRS)

AAC do chách sa seomra ranga

Léirítear gur cheart fáilte a chur roimh gach páiste, úsáideoirí AAC san áireamh, le húsáid nádúrtha AAC sa seomra ranga. Mar shampla, íomhánna a úsáid chun tacú le tuiscint, meas a léiriú d’aon mhodh cumarsáide, agus úsáid a bhaint as AAC mar uirlis chumarsáide chun caidrimh a chothú idir úsáideoirí AAC agus na páistí eile sa seomra ranga nó daoine fásta. Is minic go mbíonn srian ar líon na n-idirghníomhaíochtaí ag úsáideoirí AAC, ach má úsáidtear AAC go minic sa seomra ranga, beidh níos mó deiseanna ag úsáideoirí AAC caidrimh a chothú.

Ní hamháin go mbaineann úsáideoirí AAC sochar as úsáid AAC sa seomra ranga, ach baineann na páistí eile sochar as freisin. Baineann páistí néara-éagsúla agus néaraitipiciúla an-sochar as íomhánna; clár ama, roghchláir, agus gnáthamh atá íomhánna iontu, go háirithe ag tús a n-aistir oideachais. Tacaítear lena dtuiscint agus lena gcuimhne ar threoracha ó bhéal. Má chuirtear íomhánna in éineacht le cumarsáid ó bhéal, cabhraítear leis na páistí nach bhfuil mórán cur amach acu ar an nGaeilge, chun tuiscint níos fearr a bheith acu sula gcuirtear i suíomh lán-Ghaelach iad. Má dhéantar nasc idir na focail agus na híomhánna ar chlár ama, cabhraítear le páistí a stóras focal a fhorbairt.

Úsáid AAC sa seomra ranga

ní gá do mhúinteoirí na moltaí ar fad a úsáid díreach mar a léirítear iad. Is foinse spreagtha é seo do mhúinteoirí chun teacht ar mhodh a chabhróidh leo féin agus leis na páistí. Is cosúil go n-úsáidtear cuid de na nósanna seo sa seomra ranga cheana féin, agus ní bheidh ort ach mionathruithe a chur i bhfeidhm, cosúil leis na híomhánna atá ar ghléas AAC an úsáideora a úsáid.

Príomhchláir agus fochláir fhoclóireachta

Is cláir phriontáilte AAC iad na príomhchláir agus fochláir fhoclóireachta, cosúil le hábhar íosteicneolaíochta AAC. Maidir le húsáid sa seomra ranga, áfach, déantar leaganacha níos mó dóibh, ionas gur féidir le cúpla páiste iad a úsáid ag aon am amháin. Is féidir le daoine fásta na cláir seo a úsáid agus iad ag stiúradh an tseomra ranga, agus is féidir leis na páistí iad a úsáid le linn am spraoi mar shampla, chun cumarsáid a dhéanamh lena chéile.

Déanann múinteoirí cláir inar féidir na híomhánna a bhaint den chlár (le velcro). Ligtear do na páistí íomhá a bhaint de agus í a thabhairt do dhuine fásta. Ligtear do dhaoine fásta roghanna a chur i láthair maidir le gníomhaíochtaí a dhéanamh ag am oiriúnach. Cuirfidh an duine fásta dhá nó trí íomhá ar fáil mar ghníomhaíocht fhéideartha, agus is féidir leis an bpáiste ceann acu a roghnú. Is mór an úsáid iad agus múinteoirí ag aistriú ó ghníomhaíocht amháin go dtí an chéad cheann eile, nuair a chuirtear an clár in aice le doras an tseomra ranga. Agus an rang ar tí imeacht as an seomra, taispeánfaidh an múinteoir nó cúntóir ranga do na páistí cá mbeidh siad ag dul. Nuair a fhilleann siad ar an seomra ranga, léireoidh an duine fásta an chéad ghníomhaíocht eile leis an gclár. Ní oireann an cineál cláir seo do gach seomra ranga, toisc go mbíonn ar dhaoine fásta súil a choinneáil air, rud a d’fhéadfaí a bheith dúshlánach i seomra ranga.

Is mór an cabhair é má tá na príomhchláir agus na fochláir ar fáil le linn gníomhaíochtaí a dhéantar go minic. Mar shampla, má tá cistin bheag súgartha sa seomra ranga, is fiú cláir lannaithe AAC le bia agus le gréithe cócaireachta a chur ar bhallaí na cistine.

Cóip chrua de phríomhchláir foclóireachta mar chuid den spás súgartha.

Is fearr comhbhá ná smachtú

Tá smacht dearfach tábhachtach i suíomh scoile. Caithfidh leanaí rialacha a leanúint agus spriocanna a bhaint amach. Mar mhúinteoirí le daltaí atá ar chéad chéimeanna de chóras AAC, áfach, ní mór dúinn smacht agus comhbhá a chothú i dteannta a chéile. Chun scileanna cumarsáide a fhorbairt, tá sé ríthábhachtach go mbeadh caidreamh láidir idir páistí agus múinteoirí agus/nó céilithe eile comhrá.

Ba mhaith linn a chinntiú go mbíonn taithí luath-úsáideoirí le AAC spreagúil agus sultmhar. Is féidir é seo a spreagadh agus na páistí i mbun súgartha chomhuainigh, nó fiú má tá an páiste ar luascán ag eiseamláiriú "níos mó", agus iad ag léiriú go bhfuil siad “críochnaithe” agus iad ag úsáid an ghléis. Chun an caidreamh seo a threisiú, ní mór duit freagraí a thabhairt ar mhianta, ar spéiseanna, ar iarrachtaí cumarsáide, agus ar a gcuid mothúchán.

Ba cheart go mbeadh rochtain ag páiste ar a ghléas AAC. Bíonn constaicí i gceist le gach módúlacht AAC. Tá an baol ann go gclisfeadh ar na gléasanna teicneolaíochta. Fágtar córais sa bhaile mar thaisme. Ach mar dhuine a oibríonn le páiste a bhfuil riachtanais chumarsáide faoi leith acu, ní mór dúinn cinntiú go mbíonn rochtain acu ar chóras i gcónaí. Fiú má tá páistí ag úsáid an ghléis ar bhealach míchuí - ag brú an chnaipe chéanna arís agus arís eile, ag úsáid teanga míchuí don seomra ranga, nó an fhuaim a chur in airde chuig leibhéal míchuí - tá sé de cheart dóibh rochtain a bheith acu ar chóras AAC. Úsáidtear an sampla mar a leanas go minic i measc teiripeoirí urlabhra agus teanga; nuair a thagann teanga mhíchuí as béal páiste, ní dhúntar béal an páiste le téip. Cloíonn múinteoirí le reachtanna smachta na scoile, fiú má tá deacrachtaí ann. Tá sé de cheart ag páistí le riachtanais chumarsáide faoi leith go gcaitear leo ar an mbealach céanna.

Gníomhaíochtaí samplacha

Ní chuirfear réitigh iomlána ar fáil leis na samplaí sa mhír seo. Tá na samplaí thíos ann mar ábhar spreagtha do mhúinteoirí agus gairmithe eile a úsáideann AAC le páiste chun coincheapa éagsúla a chur i bhfeidhm sa seomra ranga. Déantar na gníomhaíochtaí samplacha seo le duine fásta. Tá sé tábhachtach obair neamhspleách a chur i gcrích, ach é sin ráite, is í aidhm na ngníomhaíochtaí seo scileanna cumarsáide a chothú. Mar thoradh, beidh ar dhuine fásta a bheith i mbun eiseamláirithe AAC le linn na ngníomhaíochtaí.

Gnáthaimh ag tús agus ag deireadh an lae

Bíonn gnáthaimh le híomhánna ag tús agus ag deireadh an lae cabhrach, go háirithe ag tús na bliana acadúla agus na páistí ag teacht isteach ar nósanna an tseomra ranga arís. Cabhraíonn siad le daoine fásta sa seomra ranga chun cuimhne a dhéanamh ar na gnáthaimh agus ar fhoclóireacht leanúnach a úsáid freisin. Bainimid ar fad sochar as íomhánna!

  1. Roghnaigh na híomhánna a chuireann síos ar ghnáthamh na maidine, agus déan cóip de na híomhánna (glac seat den scáileán).
  2. Cuir na cóipeanna i gcáipéis Word nó Google.
  3. Scríobh cur síos beag (is leor focal nó dhó) faoin ngníomh a bhaineann leis an íomhá nó íomhánna. Ní gá é seo a dhéanamh ach cuirtear na daoine fásta i gcuimhne an fhoclóireacht chéanna a úsáid.

Gníomhaíochtaí léitheoireachta

Tugtar faoi ghníomhaíochtaí léitheoireacht ar dhá bhealach: roghnaíonn an duine fásta an leabhar, nó roghnaíonn an páiste an leabhar. Tá sochar ag baint leis an dá bhealach, ach má tá aidhm faoi leith a chaitear baint amach as an léitheoireacht, is fearr ligean don duine fásta an leabhar a roghnú. Má tá an ghníomhaíocht ar mhaithe le spraoi a bheith ag an bpáiste agus iad ag léamh, is fearr ligean don pháiste an leabhar a roghnú.

Bíonn ullmhú i gceist le gníomhaíochtaí léitheoireachta atá bunaithe ar aidhm a bhaint amach, ach is féidir na gníomhaíochtaí seo a úsáid arís agus bíonn solúbthacht ag baint léi freisin. Mar shampla, múintear laethanta na seachtaine, an aimsir agus an frása “chuaigh mé” sa leabhar Dialann Ainín Aimsire. Díríonn an ghníomhaíocht seo ar choincheap/choincheapa - ní gá aithris a dhéanamh ar an leabhar ag úsáid AAC. Ba cheart duit léamh mar is gnáth, athrú gutha do charachtair dhifriúla mar shampla. Má chuirtear stop leis an scéal chun ceisteanna a chur ar na páistí, lig do na páistí freagra a thabhairt le AAC nó ó bhéal.

  1. Roghnaigh scéal a fhreastalaíonn ar an aidhm a mian leat a chomhlíonadh. Cuir tú féin ar an eolas an áit a bhfuil na cnaipí ábhartha lonnaithe sa chóras AAC, agus déan cleachtadh ar bhogadh ó chlár amháin go ceann eile.
  2. Más mian leat, is féidir cóipeanna crua a dhéanamh de na híomhánna agus iad a chur ar leathanaigh an leabhair (ní gá é seo a dhéanamh).
  3. Déan eiseamláiriú ar an gcoincheap chun béim a chur air. Is féidir eiseamláiriú a dhéanamh ar théarma agus an téarma luaite sa téacs.
  4. Déan eiseamláiriú ar choincheapa breise. Bainfear an-sochar as! Má luaitear sneachta ar leathanach agus má dhéantar eiseamláiriú air sin, mar shampla, is féidir coincheap sa bhreis cosúil le, “Bhí sé ag cur sneachta! Caithfidh go bhfuil an cailín fuar,” a chur i láthair an pháiste le AAC.

Ní bhíonn mórán ullmhaithe i gceist nuair a roghnaíonn páiste an leabhar. Is féidir díriú ar scileanna faoi leith ach is í aidhm na gníomhaíochta seo ná go mbainfeadh an páiste sult as an léitheoireacht. Cothaítear dea-chaidreamh léitheoireachta do pháiste leis an ngníomhaíocht seo.

  1. Lig don pháiste an scéal a roghnú. Cuir cúpla rogha faoi bhráid an pháiste má tá siad ag streachailt leabhar a roghnú.
  2. Caith súil sciobtha ar an leabhar mura bhfuil cur amach agat air. Ní gá é seo a dhéanamh, ach cuireann sé an ghníomhaíocht chun fusachta má tá eolas agat ar bhunús an scéil.
  3. Léigh an scéal mar is gnách, agus bain úsáid as eiseamláiriú AAC agus an deis agat. Má tá Dónall an Chlúimh agus An-Ocras Air! á léamh agat, mar shampla, is fiú clár ACC de bhia a bheith ar lámh agat.
  4. Cuir ceisteanna ar an bpáiste agus tú ag léamh. Maidir le Dónall an Chlúimh agus An-Ocras Air!, is féidir íomhá d’úll a thaispeáint don pháiste agus fiosrú de, “Céard atá ite aige?” Tabhair am don pháiste chun teacht ar fhreagra, ach mura bhfreagraíonn sé, is féidir úsáid a bhaint as AAC chun eiseamláiriú a dhéanamh ar an bhfreagra. Is féidir deiseanna chun abairt a chríochnú don pháiste, mar shampla, “D’ith sé dhá phiorra...” agus lig don pháiste “...Dé Máirt!” a rá – nó fiú, “Ach bhí ocras...” ,“...fós air!”

Téama a chur le tóraíocht taiscthe

Is modh spraíúil é tóraíocht taiscthe chun páistí a spreagadh AAC a úsáid lasmuigh den seomra ranga. Cabhraítear le páistí naisc a dhéanamh idir íomhánna AAC agus rudaí fisiciúla. Tá sé níos éasca má chloítear le hainmfhocail, ach is féidir na briathra a úsáid. Mar shampla, thiocfadh iarr orthu teacht ar rud atá in ann eitilt. Thiocfadh leo dul sa tóir ar fheithid nó ar éan. Thiocfadh leo pictiúr a ghlacadh de na hainmhithe, seachas iarracht greim a fháil orthu.

  1. Roghnaigh téama. Mar chuid den sampla seo, roghnaíodh téama atá bunaithe ar an nádúr.
  2. Tar ar na focail a mian leat díriú orthu, agus déan cóip de na híomhánna ar chóras AAC.
  3. Cuir na cóipeanna i gcáipéis Word nó Google, agus cuir téacs in éineacht leis an íomhá. Cuir treoracha ag barr an leathanaigh más gá.
  4. Tabhair liosta de na rudaí a chaithfear teacht orthu do na páistí. Bain úsáid na focail agus na híomhánna priontáilte dá ngléas AAC.
  5. Téigh sa tóir orthu! Agus iad i mbun tóraíochta, úsáid an gléas chun eiseamláiriú a dhéanamh. Is féidir leat: Abair rud cosúil le, “Ó, nach álainn an bláth sin!” Ceisteanna a chur orthu “Cá rachaidh muid?” Déan tráchtaireacht ar an méid atá á dhéanamh agat. “Baileoidh mé an chloch sin agus cuirfidh mé sa mhála é.” Tabhair treoracha dóibh. “Bailigh an duilleog sin le do thoil!”

Ceist na Seachtaine

Beidh ar dhuine fásta sa bhaile cabhrú leis an ngníomhaíocht seo, ach níl mórán iarrachta i gceist leis. Níl orthu ach ceist spraíúil a chur ar an bpáiste – cuirfear an cheist ar fáil ag múinteoir. Is féidir leis seo tacú le páistí sa seomra ranga agus iad ag déanamh cairde nua chomh maith le scileanna cumarsáide a fhorbairt.

  1. 1. Cum ceist ar féidir leis na páistí ar fad a fhreagairt. Ba cheart go rachadh freagra gairid in éineacht leis an gceist – idir cúpla focal nó cúpla abairt. Seo cúpla sampla thíos: Céard é an t-ainmhí is fearr leat? Cén fáth a dtaitníonn sé leat? An ndeachaigh tú áit ar bith le linn na deireadh seachtaine? Cá háit? Nó, má fhán tú sa bhaile, céard a rinne tú ann? Céard a dhéanann tú agus an ghrian amuigh ag spalpadh na spéire? An bhfuil peata agat? Mura bhfuil, ar mhaith leat ceann? Cén saghas peata atá/a bheadh agat? Dhéanfainn iarracht gan an iomarca ceisteanna a bhunadh ar na “rudaí is fearr leat”. Níl locht ar na ceisteanna seo, ach níl dochar ann ceisteanna éagsúla a chur orthu.
  2. Cuir leathanach le Ceist na Seachtaine air abhaile leis an bpáiste Déardaoin nó Dé hAoine. Beidh ar dhuine fásta sa bhaile cabhrú leis an bpáiste chun freagra a chumadh.
  3. Nuair a bhuaileann Dé Luain leo, beidh an deis ag gach páiste, úsáideoirí AAC san áireamh, a bhfreagra a roinnt leis an rang. Déan cinnte go mbíonn an deis ag úsáideoirí AAC freagra a thabhairt go neamhspleách, ach beidh seans ann go mbeidh ar dhuine fásta eiseamláiriú a dhéanamh dóibh má bhíonn deacrachtaí acu.

Scagadh coincheapa

Cabhraíonn an ghníomhaíocht seo le teacht isteach ar fhoclóireacht acadúil, ar príomhfhoclóireacht agus ar fho-fhoclóireacht do pháistí. Tá píosa ullmhúcháin i gceist, ábhar a phriontáil agus a lannú, ach is féidir an t-ábhar a athúsáid. Is gníomhaíocht chomhoibríoch í seo, toisc gurb í an chaint mar bhunchloch na gníomhaíochta.

  1. Roghnaigh coincheap. Úsáidtear ainmhithe feirme sa sampla seo.
  2. Déan cóipeanna fisiciúla (priontáilte agus lannaithe) ar íomhánna AAC d’ainmhithe faoi dhó. Déan cóip fhisiciúil den chnaipe NÍL. Bain úsáid astu chun córas scagtha a chur i mbun - dhá shraith a chruthú, nó fiú dhá bhosca a úsáid, mar shampla.
  3. Roghnaigh bréagáin nó pictiúir don ghníomhaíocht. Bailigh meascán d’earraí a bhaineann leis an gcoincheap, bunaithe ar ainmhithe feirme sa chás seo, agus nach mbaineann leis an gcoincheap.
  4. Measc na hearraí le chéile.
  5. Scag na hearraí seo de réir na sraithe/bosca leis an bpáiste. Is gá míniú don pháiste (agus eiseamláiriú a dhéanamh ar AAC!) an chúis leis na roghanna atá á dhéanamh agat. Seo samplaí de na rudaí is féidir leat rá leo: “Ó, féach ar an mbó seo! Tá bó ag daideo ar an bhfeirm. Cuirfimid an bhó sa bhosca feirme.” “Is teilifís í sin. Ní fiú ainmhí í! NÍL sí ag dul isteach chuig an mbosca leis na hainmhithe.” “Leon! Rár! Cá dtéann sé? Is ainmhí é leon, ach tá cónaí orthu sa dufair nó sa zú, ní ar fheirm!”

Cuimhnigh nach gá eiseamláiriú a dhéanamh ar gach aon fhocal agus gníomhaíocht cosúil leis seo ar bun agat. Ba mhór an dúshlán é AAC amháin a úsáid. Cuireann cumarsáid ilmhódúlachta – cumarsáid AAC agus ó bhéal – go mór le forbairt scileanna ionchuir agus aschuir teanga.

DCHG
S20
Crannchur Náisiúnta
COGG
Trinity College Dublin