
Léargas ar chóras cumarsáide Geabaire
Tá beagnach 7,000 focal agus frása réamhchláraithe sa chóras. Chomh maith leis sin, tá foirmeacha éagsúla gramadaí a ghintear go huathoibríoch, rud a chuireann ar chumas úsáideoirí teachtaireachtaí réamhbheartaithe agus teachtaireachtaí úrnua a chur in iúl.
An Príomhchlár agus an Stór Focal is mó úsáide
Tugann an Príomhchlár rochtain láithreach ar na focail agus na nathanna Gaeilge is coitianta, lena n-áirítear briathra, forainmneacha, agus réamhfhocail choitianta a úsáidtear in iliomad slite. Anuas air sin, tugann sé rochtain láithreach ar réimsí tábhachtacha: 'Gob Gasta' do fhrásaí coitianta; 'Stad' chun do mhianta féin a chur in iúl; 'Réamhfhocail' do na réamhfhocail chomhshuite; agus 'Fúmsa' d'fhocail bainteach le do shaol féin go sonrach. Tá méarchlár ar fáil freisin.
Ós é nach bhfuil fáil ar liosta réamhdheartha focail AAC don Ghaeilge, bunaíodh stór focal Geabaire ar An Ghaeilge Labhartha (Meascán Canúintí) i Liostaí Bhreacadh: Focail Choitianta sa Ghaeilge. Is liostaí ardmhinicíochta iad seo trasna na canúintí ar fad. As na deich bhfocal is coitianta, tá teacht ar sé cinn acu le brú cnaipe amháin, tá teacht ar na ceithre cinn eile le dhá bhrú, agus formhór den gcéad 100 focal is coitianta le dhá bhrú cnaipe.
Mar a eagraítear an stór focal
Léirítear na focail de réir na ranna cainte, brí na bhfocal, an gaol idir na focail, feidhm na cumarsáide agus prionsabail phleanála luaile.
In abairtí sa mhodh táscach sa Ghaeilge, cloítear de ghnáth leis an struchtúr briathar-ainmní-cuspóir (VSO sa Bhéarla). Leagadh amach struchtúr Geabaire dá réir sin leis na briathra ar chlé, agus na forainmneacha, ainmfhocail agus ranna cainte eile á leanúint sin ar dheis. Cabhraíonn sé seo le húsáideoirí dul ó chlé go deas trí gnáthstruchtúr na habairte as Gaeilge.
Brí na ndathanna
Baintear úsáid as 'treoir dhathanna Fitzgerald' leasaithe chun na ranna cainte a aithint óna chéile agus chun gaolta gramadaí a léiriú go soiléir. Fanann na dathanna agus na ranna cainte san áit chéanna ar gach clár chun tacú le haithint ó shúil agus le pleanáil luaile.
Eagraítear an stór focal de réir téamaí éagsúla ar chláir nasctha. Mar shampla, sa chlár ‘siopa’, faightear ainmfhocail, briathra agus aidiachtaí a bhaineann le cúrsaí siopadóireachta. Fanann formhór na bhfocal in aon áit amháin agus is féidir teacht ar fhocal ar leith le brú amháin de chnaipe, nó le trí bhrú ar a mhéid. Dearadh an clár mar seo chun tacú le hintuarthacht, le foghlaim luaile agus le cumarsáid éifeachtach.
Tacaíocht ghramadúil
Roghnaíonn úsáideoirí siombailí nó focail chun abairt a chumadh. Taispeántar na focail a roghnaíodh sa bharra abairte, áit a ndéantar athbhreithniú gramadaí ar an teachtaireacht sula nglaonn guth sintéiseach ABAIR amach é.
Toisc go n-athraíonn focail de réir a gcomhthéacs gramadaí, úsáideann Geabaire uirlisí próiseála teanga chun tacú le cruinn-chumadh abairte ionas nach bhfuil gá le cnaipe ar leith de gach foirm de na focail. Is iad An Gramadóir, an seiceálaí gramadaí Gaeilge a d'fhorbair Kevin Scannell, agus ceartaitheoirí gramadaí breise, lena n-áirítear parsálaí don tuiseal ginideach a forbraíodh laistigh de ABAIR, atá in úsáid faoi láthair.
Sampla de seo ná má bhíonn 'mo' + 'teach' sa bharra abairte ba cheart den seicealaí gramadaí é a athrú go 'mo theach' (le séimhiú). Sampla eile de sin ná go n-athraíonn an parsálaí don tuiseal ginideach abairt 'doras + an + teach' go 'doras an tí'.
Tacaíonn na huirlisí seo le duine chun abairtí cruinne a chumadh, laghdaíonn siad líon na gcnaipí a bheadh le brú, agus cinntíonn siad nach mbíonn na cláir róphlódaithe le siombailí agus focail éagsúla.
Na briathra agus foirmeacha na mbriathra
Cuirtear foirmeacha éagsúla na mbriathra ar fáil in Geabaire: an aimsir chaite, láithreach, fháistineach, an modh coinníollach, aidiachtaí briathartha, ainmneacha briathartha agus fréamh na mbriathra. Tá foirmeacha na mbriathra leagtha amach i sraitheanna agus i suíomhanna nach n-athraíonn, chun cur ar chumas na n-úsáideoirí an cosán chucu a aimsiú agus a bhuanú. Tá cúlra iomlán glas ag dul le fréamhacha na mbriathra, ach díreach imlíne glas ar fhoirmeacha eile den bhriathar.
Na foirmeacha ceisteacha agus na foirmeacha diúltacha
Níl focail sa Ghaeilge a aistríonn go díreach mar 'yes' agus 'no' an Bhéarla. Freagraítear ceist le foirm dhearfach nó foirm dhiúltach an bhriathair. Dá bharr seo, cuirtear foirmeacha dearfacha, diúltacha agus ceisteacha na mbriathra ar fáil go héasca in Geabaire.
Tá imlíne corcra ar na cnaipí ceisteacha, imlíne dearg ar na cnaipí diúltacha agus imlíne glas ar na cnaipí dearfacha. Cabhraíonn sé seo chun na foirmeacha éagsúla a aimsiú agus gan an clár a bheith róphlódaithe.


An uimhir iolra agus na forainmneacha réamhfhoclacha
Is minic a bhíonn an uimhir iolra d'ainmfhocail na Gaeilge mírialta (go minic is athruithe inmheánacha san fhocal atá i gceist seachas infhilleadh). Gineann an cnaipe 'Iolra' ar dheis an leagan iolra den ainmfhocal atá roghnaithe. Ciallaíonn sé seo nach bhfuil gá le cnaipe ar leith de gach foirm uatha agus iolra.
Tá cnaipe 'Réamhfhocail' ar bheagnach gach clár ionas go bhfuil rochtain láithreach ar na forainmneacha réamhfhoclacha coitianta, cosúil le 'liom', 'leat', 'agam', agus 'agat'.
Gob Gasta: frásaí coitianta
Cuirtear frásaí coitianta ar fáil faoi 'Gob Gasta', mar aonaid iontu féin nach gá a chumadh focal ar fhocal. Faoin gcnaipe dubh ar an bPríomhchlár, tá beannachtaí agus frásaí laethúla ar fáil. Ar na fo-chláir éagsúla, tá cnaipe Liath le 'Gob Gasta'. Faoin gcnaipí liath seo, tá fáil ar fhrásaí a bhaineann le téama an fho-chláir sin, cosúil le: ceisteanna, nathanna cainte, beannachtaí, seanfhocail agus samhlacha.
Is doras díreach isteach i gcomhrá é 'Gob Gasta'. Tá an córas iomlán ar fáil chun teachtaireachtaí nua a chumadh.
Stad: chun mianta a chur in iúl
Cuireann an cnaipe 'Stad' aicearra ar fáil chun teachtaireachtaí tábhachtacha bainteach le mianta a chur in iúl agus idirbheartaíocht a dhéanamh sa chomhrá. Mar shampla feidhmeanna teanga cosúil le: cabhair a lorg, am breise a lorg, sos a lorg, iarraidh ar dhuine éigin stopadh, agus a mhíniú go bhfuil rud éigin ciotach nó mícheart nó nár tuigeadh an rud a dúradh.
Tá an cnaipe 'Stad' ar gach clár ionas go bhfuil na frásaí seo ar fáil go héasca is cuma cén clár ar a bhfuil an t-úsáideoir.
Fúmsa: pearsantú an chláir
Tugann an cnaipe 'Fúmsa' spás don úsáideoirí pearsantú a dhéanamh ar an gclár. Is féidir le húsáideoirí stór focal bainteach lena saol féin a chur leis an gclár - mar shampla baill teaghlaigh, cairde, a dtimpeallacht féin, suimeanna, caithimh aimsire, agus gnáththeachtaireachtaí pearsanta.
Is féidir siombailí ARASAAC, grianghraif, lipéidí scríofa agus taifeadtaí de ghuthanna daonna a chur leis na cnaipí seo. Cuireann sé sin ar chumas Geabaire féiniúlacht agus taithí gach úsáideoir a léiriú agus teacht acu ar an gcóras iomlán ag an am céanna.
Aimsiú focal agus an cosán chuige
Cabhraíonn an aimsitheoir focal le húsáideoirí teacht ar fhocal as an mbanc focal in Geabaire. Nuair a roghnaítear an focal, déantar aibhsiú ar an gcosán chun teacht ar an bhfocal sin sa chlár, seachas an focal a chur isteach díreach sa bharra abairte.
Léirítear an cosán isteach go soiléir ag bun an scáileáin. Cabhraíonn sé seo le húsáideoirí an áit ina bhfuil na focail a aimsiú agus a fhoghlaim, agus múnla luaile leanúnach i dtreo gach focal a fhorbairt. Ciallaíonn sé seo nach mbeidh úsáideoirí ag brath chomh mór céanna ar aimsiú focal agus iad imithe i dtaithí ar an gclár a úsáid.

An méarchlár agus Tuarthéacs don Ghaeilge
Ligeann an méarchlár d'úsáideoirí focail a litriú agus teachtaireachtaí a chumadh nach bhfuil ar fáil cheana sa chóras. Tacaíonn sé seo le cúrsaí litearthachta, le féinriar le smaointe neamhspleácha a chur in iúl.
Tá fáil ar litreacha, uimhreacha, poncaíocht, téacs-go-hurlabhra, tacaíocht le litriú agus leis an síneadh fada, forlíonadh focal, agus críoch focail a thuar. Cabhraíonn na feidhmeanna seo le húsáideoirí teachtaireachtaí a chumadh níos tapúla, agus smacht á choimeád acu ar a dteachtaireacht.
Guthanna sintéiseacha ABAIR agus na canúintí
Úsáideann Geabaire guthanna sintéiseacha Gaeilge forbartha ag ABAIR sa tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Tá trí mhórchanúint sa Ghaeilge: Connachta, Mumha agus Ulaidh. Laistigh daoibh seo tá fochanúintí lena n-áirítear Gaeilge Mhaigh Eo (atá ar fáil faoi Chúige Chonnacht) agus Gaeilge na nDéise (atá ar fáil faoi Chúige Mumhan).
Is féidir le húsáideoirí an chanúint is fearr leo a roghnú sna socruithe, ag piocadh as guthanna a léiríonn na trí phríomhréigiún chanúna. Leis seo téann an aschur cainte le cúlra teanga an úsáideora, a phobal scoile nó a rogha canúna.
Tá ceithre leagan de Geabaire ar fáil: Clár Chonnacht, Clár na Mumhan, Clár Uladh, agus An Clár Neodrach, an príomhchlár. Tá difríochtaí i stór focal na leaganach éagsúla de na cláir in Geabaire ag freagairt de na canúintí éagsúla. Ligeann sé seo d'úsáideoir fanacht dílis dá rogha canúna seachas a bheith teoranta de leagan caighdeánaithe.
Mar shampla, athraíonn an abairt 'how are you?' ó chanúint go canúint: 'conas tánn tú / conas athánn tú' (Cúige Mumhan), 'caidé mar atá tú / cén dóigh atá ort?' (Cúige Uladh), agus 'cén chaoi a bhfuil tú?' (Cúige Chonnacht).
Cuireadh An Clár Neodrach san áireamh d'fhoghlaimeoirí na teanga, ionas go mbeadh rogha ar fáil do gach éinne.
Cuirfear le réimse na nguthanna sintéiseacha atá ar fáil de réir mar a fhorbraítear iad in ABAIR. Amach anseo, beidh úsáideoirí óga ábalta teacht ar ghuthanna atá níos giorra dá n-aoisghrúpa, dá bhféiniúlacht agus dá roghanna féin.
Clár agus guth oiriúnach a roghnú
Má tá ceangal ar leith ag úsáideoir le ceantar Gaeltachta ar leith, is gnách go roghnófaí Gaeilge an cheantair sin. Tá an cheist níos casta do dhaoine eile. Más ag foghlaim na teanga atá úsáideoir, agus iad ag freastal ar Ghaelscoil mar shampla, is minic gurb é An Clár Neodrach a roghnófaí. Má tá Gaeilge ó dhúchas ag úsáideoir is fearr go bhfanfaidís leis an gclár a léiríonn an Ghaeilge atá sa bhaile.
Níl aon lárchanúint labhartha sa Ghaeilge, agus mar sin níl aon ghuth ar leith a théann leis An Clár Neodrach. Agus guth á roghnú, molaimid d'úsáideoirí nach bhfuil ceangal acu le ceantar Gaeltachta ar leith canúint an duine is minice a úsáideann AAC leo a roghnú, mar shampla múinteoir, CCR nó comhpháirtí comhrá.
Má tá ceisteanna fós agat, is fiú iad a phlé le múinteoir an úsáideora, nó ballraíocht a ghlacadh inár líonra tacaíochta, NEARTÚ.
Eolas faoi NEARTÚDe réir mar a fhorbraíonn Geabaire cuirfear leis an stór focal canúnach.
Cláir ineagraithe agus phearsantaithe
Tá cnaipe eagarthóireachta ar fáil ar gach Príomhchlár chun ligean d’úsáideoirí agus dá gcomhchainteoirí clár pearsantaithe nasctha a chruthú. Is féidir stór focal, frásaí, grianghraif, agus siombailí pearsantaithe a chur leis an gclár. Go hidéalach bheidís seo ag teacht le téama an chláir lena mbaineann siad. Má chuirtear clár pearsantaithe faoin gcnaipe ‘Bia’, is féidir, mar shampla, íomhá den bhia is fearr leis an úsáideoir a chur leis an gclár.
Ní féidir cur le líon na gcnaipí, iad a bhaint ná iad a bhogadh ó Phríomhchláir Geabaire. Dearadh mar seo é d'aon ghnó. Coimeádann sé loighic inmheánach an chórais, gluaiseacht rialta tríd an chláir, pleanáil luaile, agus san am céanna cinntíonn sé go bhfuil rochtain ag úsáideoirí ar an réimse iomlán focail.




