Téigh díreach chuig an bpríomhábhar
Lógó ABAIR
Páiste ag baint úsáide as Geabaire ar tháibléad

Geabaire

Córas AAC bunaithe ar shiombailí don Ghaeilge.

Geabaire ag feidhmiú ar tháibléad, ag tógáil na teachtaireachta 'dia duit tá mé anseo' trasna cláir nasctha agus á léamh siar sa bharra abairte

  • Íoslódáil ón App Store
  • Aimisigh é ar Google Play

Geabaire: Cumarsáid agus Rannpháirtíocht trí Ghaeilge

Is é Geabaire an chéad ghléas cumarsáide bhreisithe agus mhalartach (AAC) siombail-bhunaithe a dearadh go sonrach don Ghaeilge. Tugtar rochtain d’úsáideoirí ar bheagnach 7,000 focal thar chláir téamaithe atá nasctha le chéile a chuireann ar a gcumas siombail, focail agus litreacha a chur le céile chun teachtaireachtaí a leanann struchtúr na Gaeilge a chumadh. Is féidir leis na húsáideoirí na teachtaireachtaí seo a sheinnt os ard ag baint úsáide as guthanna sintéiseacha ABAIR. Is le haghaidh úsáide ríomhaire agus táibléid a dearadh Geabaire, le leagan d’fhóin póca beartaithe don todhchaí.

D'eascair Geabaire as riachtanas a aithníodh san oideachas lán-Ghaeilge. Sa réimse seo ní raibh teacht ag páistí, a raibh gá acu le AAC, ar chóras cumarsáide seasmhach, iontaofa a bhí deartha go sonrach don Ghaeilge. Tacaíonn Geabaire le raon leathan cumarsáide. Is féidir le húsáideoirí AAC ceisteanna a chur, tuairimí agus mothúcháin a chur in iúl, diúltú, scéalta a insint, caidrimh a thógáil, agus teachtaireachtaí úrnua a chumadh. Trí rochtain a sholáthar ar chóras cumarsáide iontaofa Gaeilge, tacaíonn Geabaire le rannpháirtíocht bhríoch san oideachas, sa bhaile agus i measc phobal na Gaeilge i gcoitinne.

Úsáideoir óg Geabaire ag tógáil teachtaireachta ar tháibléad in éineacht le ball teaghlaigh atá níos sine

Tá Geabaire anois le fáil ar iPad agus ar Android

Déan an aip a íoslódáil gan aon chostas ón App Store nó Google Play.

  • Íoslódáil ón App Store
  • Aimisigh é ar Google Play

Nuacht ó ABAIR agus Geabaire

Ríomhphoist anois is arís ar an eolas is déanaí maidir le Geabaire, guthanna úra, fheidhmchláir agus taighde.

Is féidir díchlárú aon uair is mian leat ag úsáid an naisc ag bun ár rphoist.

Teagmháil agus aiseolas

Más mian leat fadhbanna teicniúla, aiseolas, moltaí foclóireachta nó eile a chur in iúl, nó go deimhin a bheith mar chuid den lucht tástála, tar i dteagmháil linn trí leathanach teagmhála ABAIR.

Déan teagmháil linn
DCHG
S20
Crannchur Náisiúnta
COGG
Trinity College Dublin